Gaelscoil Chill Dara


Go to content

N Bheaga

Obair na bpáistí > Obair na bpáistí 2010/11

BackPlayNext

Mí an Mheithimh


Turas Scoile 2011

An Fheirm

Ar an gCéadaoin an 9ú lá de mhí an Mheithimh d’imigh Rang Niamh, Rang Valerie, Múinteoir Niamh, Múinteoir Valerie, Mamaí Yvonne agus Mamaí Sinéad go “Castlefarm” Feirm ar thuras scoile.

Bhí an ghrian ag taitneamh, an ghaoth ag séideadh agus an bháisteach ag titim, d’athraigh an aimsir gach cúpla nóiméad ach ba chuma le na naíonáin mar bhí said chomh tógtha leis na hainmhithe agus na feirmeoirí Jenny, Michelle agus Tomas ar an bhfeirm. Chonaicemar na cearca, na beithigh, na ba agus na lao, na muicíní “rashers agus Ispíní” capall mór bán agus na beacha. Sa bhleánlann mhínigh Feirmeoir Michelle dúinn cén chaoi a gcrúann said na ba faoi dhó gach lá agus go dtugann gach bó 20 lítear an lae!Bhailíomar uimheacha óna cearca agus mhínigh Jenny duinn go mbeireann gach cearc ubh amháin in aghaidh an lae agus go mbíonn lá saor acu gach seachtain!!agus chonaiceamar na beacha agus mhínigh Michelle dúinn go dtógann sé beach amháin 5 bliana chun spúnóg amháin meala a dhéanamh!! Sa siopa thaispeáin Jenny cáis déanta I “Castlefarm” dúinn agus sú úll déanta le na hulla a d’fhas ann freisin!!

Bhí am fíor iontach againn go léir!


An Aimsir – amhrán – d’aon ghuth
Feicim an ghrian ag taitneamh sa spéir,
Feicim an ghrian ag taitneamh sa spéir,
Is iontach é nuair a fheicim an ghrian
Ó feicim an ghrian ag taitneamh sa spéir


Cliosim an ghaoth ag séideadh sna crainn,
Cloisim an ghaoth ag séideadh sna crainn
Is iontach é nuair a chloisim an ghaoth
Ó cloisim an ghaoth ag séideadh sna crainn.

Seolann na scamaill trasna na spéire,
Seolann na scamaill trasna na spéire,
Ó is iontach é nuair a fheicim na scamaill,
Ó seolann na scamaill trasna na spéire ,
Cloisim an ghaoth ag séideadh sna crainn,
Feicim an ghrian ag taitneamh sa spéir.

An Bháisteach – dán – séideán sí

Tá an bháisteach ag titim,
Ag titim go trom,
Ach níl sí ag titim
Anuas ar mo cheann.

Ní maith liom an bháisteach
Mar fliuchann sí mé,
Is bímse istigh
Ar feadh an lae.
Hurá táim sona sásta
Ag spraoi amuigh faoin aer.

Bhí Máirtín Amuigh
Bhí Máirtín amuigh,
San oíche dhubh.
Bhí an bháisteach ag titi,
Anuas go tiubh.
Ní shásódh an saol é,
Go mbeadh sé amuigh,
Go rachaidh sé I lochán
Go básta



Amhrán – Cúig Ubh - Plúra Lúra

Cúig ubh istigh sa nead,
Cearc ar gor, glug, glug, glag.
Scoilt blaosc, scolt sí arís,
Tháinig sicín amach, tsíp, tsíp.

Ceithre ubh istigh sa nead,
Cearc ar gor, glug, glug, glag.
Scoilt blaosc, scolt sí arís,
Tháinig sicín amach, tsíp, tsíp.

Trí ubh istigh sa nead,
Cearc ar gor, glug, glug, glag.
Scoilt blaosc, scolt sí arís,
Tháinig sicín amach, tsíp, tsíp.

Dhá ubh istigh sa nead,
Cearc ar gor, glug, glug, glag.
Scoilt blaosc, scolt sí arís,
Tháinig sicín amach, tsíp, tsíp.

Ubh amháin istigh sa nead,
Cearc ar gor, glug, glug, glag.
Scoilt blaosc, scolt sí arís,
Tháinig sicín amach, tsíp, tsíp.

Amhrán – Allelluia – Beo go Deo
Alleluia
Alleluia, Alleluia, Alleluia,
Alleluia, Alleluia, Alleluia. X3

Ubh bheag – Séideán Sí

Ubh bheag a chuaigh amú,
Bhí Cáit bhocht ag gol- bú hú!
Tháinig Liam is fuair sé í,
Thug sé ar ais do Cháit í.
Há, há, há,
Hí, hí, hí,
Cáit bheag is aí ag spraoi.

Há, há, há,
Hí, hí, hí,
Cáit bheag is aí ag spraoi







BackPlayNext
BackPlayNext


An Bricfeasta – Dán Seasaigí Suas
Ithim leite, Seasaigí suas, is suígí síos,
Ithim ubh, Is seasaigí suas arís,
Ólaim tae, Is lámha síos, is lámha aníos
Is maith liom subh. Is lámha ar gach taobh.

Bainne ar an leite, Ó lámha amach, is lámha isteach
Im ar an arán, Is lámha amach arís,
Siúcra ar an dtae, Is lámha suas, is lámha anuas
Agus bímse lán Is lámha ar gach taobh.


Cé’ tá sa Scáthán - Amhrán
Cé tá sa Scáthán? Cé’ tá ann le súile, le cluasa, le béal agus srón.
Cé tá sa Scáthán? Cé’ tá ann? Is mise, mise, mise ’tá ann.

Cé tá sa Scáthán? Cé’ tá ann?
Cailín beag álainn, cailín’tá ann.
Cé h-í-sa scáthán? Cé tá ann?
‘S í ………, ………, …….. ‘tá ann.

Cé tá sa Scáthán? Cé’ tá ann?
Buachaill beag álainn, buachaill ‘tá ann.
Cé h-é-sa scáthán? Cé tá ann?
‘S é ……., ……., ……, ‘tá ann.




A haon, a dó, trí, ceathair, cúig, sé,
A haon, a dó, trí, ceathair, cúig, sé,
Císte deas i gcomhair an tae,
Uachtar reoite, banana buí,
Lollipop is oraistí
Císte milis, fi, fá, fum
Uachtar reoite, num, num, num
Úlla deasa, hip, hip, hop
Ach b’fhearr liom féin mo lollipop.

Séideán Sí

Amhrán

Éistigí
Mamaí, Daidí éistigí, ó mamaí, daidí éistigí,
Ní maith liom é! Uh uh uh! Ní maith liom é uh, uh, uh!
Ní maith liom an cáca seo.

An maith leat cáca?an maith leat cáca?
Éistigí, éistigí, ní maith liom é!

Mamaí, Daidí éistigí, ó mamaí, daidí éistigí,
Ní maith liom é! Uh uh uh! Ní maith liom é uh, uh, uh!
Ní maith liom an leite seo.

An maith leat leite?an maith leat leite?
Éistigí, éistigí, ní maith liom é!

Mamaí, Daidí éistigí, ó mamaí, daidí éistigí,
Ní maith liom é! Uh uh uh! Ní maith liom é uh, uh, uh!
Ní maith liom an bainne seo.

An maith leat aon rud?an maith leat aon rud?
Ní maith liom é! Uh, uh, uh ! Ní maith liom é! Uh, uh, uh!
Ní maith liom aon rud! Uh!

D’aon ghuth


Beidh sé Mór
Beidh sé mór, mór,
Beidh sé mór amárach.
Beidh sé mór, mór,
Is ar ndóigh mór is fearr é.

Ó, níor dhein sé rince,
Ó, ní dhein sé gáire,
Ó, níor dhein sé rince,
Ach déanfaidh sé rince amárach.

Canaimis Duit a Bhríd
Canaimis duit a Bhríd Naofa a bheireann an t-Earrach leat,
Crann is bláth ag fás arís, canaimis duit a Bhríd.

Leag sí a clóca ar an talamh, d’fhás is mhéadaigh sé,
Ar nós an ghrá a bhí ag bríd do Dhia is don saol.

!
Tabhair dom M
Tabhair dom É
Cuir le chéile iad
Déanann said MÉ

Is maith liom an M
Is maith loim an É
Gan an dá litir sin
Ní bheadh MÉ!

ANDAÍ FALSA
Andaí falsa,Andaí falsa
Ina luí, ina luí
Buail ar a lámh é
Buail ar a lámh é
Aon,dó,trí,ina shuí

Andaí falsa,Andaí falsa
Ina luí,ina luí
Buail ar a chos é
Buail ar a chos é
Aon, dó,trí,ina shuí

Andaí falsa, Andaí falsa
Ina luí,inaluí
Buail ar a ghualainn é
Buail ar a ghualainn é
Aon, dó,trí, ina shuí

Nuacht Litir na Naíonán 11-2-2011

An maith leat?

An maith leat pizza?
An maith leat ubh?
An maith leat burgar?
An maith leat subh?

An maith leat milseáin?
An maith leat prátaí?
An maith leat brioscáin?
An maith leat cácaí?

Tá na gardaí ag teacht


Is liomsa an fáinne sin
Cá bhfuair tú é
Ghoid mé go ciúin é
Nuair a bh í tú ar strae

Is liomsa an slabhra sin
Cá bhfuair tú é
Ghoid mé go ciúin é
Nuair a bh í tú ar strae

Curfá:
A ghadaí, a ghadaí,
Ná téigh i bhfolach.
Cuir suas do lámha:
Tá na gardaí ag teacht (faoi dhó)

Is liomsa an t-uaireadóir
Cá bhfuair tú é
Ghoid mé go ciúin é
Nuair a bh í tú ar strae

Is liomsa an bráisléad sin.
Cá bhfuair tú é
Ghoid mé go ciúin é
Nuair a bh í tú ar strae

Curfá:

(Véarsa brónach)
A gharda, a gharda,
Scaoil saor mé go luathTá brón orm, a gharda;
Is fuath liom an príosún

le Dominic Ó Braonáin







An Bricfeasta – Dán Seasaigí Suas
Ithim leite, Seasaigí suas, is suígí síos,
Ithim ubh, Is seasaigí suas arís,
Ólaim tae, Is lámha síos, is lámha aníos
Is maith liom subh. Is lámha ar gach taobh.

Bainne ar an leite, Ó lámha amach, is lámha isteach
Im ar an arán, Is lámha amach arís,
Siúcra ar an dtae, Is lámha suas, is lámha anuas
Agus bímse lán Is lámha ar gach taobh.


Cé’ tá sa Scáthán - Amhrán
Cé tá sa Scáthán? Cé’ tá ann le súile, le cluasa, le béal agus srón.
Cé tá sa Scáthán? Cé’ tá ann? Is mise, mise, mise ’tá ann.

Cé tá sa Scáthán? Cé’ tá ann?
Cailín beag álainn, cailín’tá ann.
Cé h-í-sa scáthán? Cé tá ann?
‘S í ………, ………, …….. ‘tá ann.

Cé tá sa Scáthán? Cé’ tá ann?
Buachaill beag álainn, buachaill ‘tá ann.
Cé h-é-sa scáthán? Cé tá ann?
‘S é ……., ……., ……, ‘tá ann.




A haon, a dó, trí, ceathair, cúig, sé,
A haon, a dó, trí, ceathair, cúig, sé,
Císte deas i gcomhair an tae,
Uachtar reoite, banana buí,
Lollipop is oraistí
Císte milis, fi, fá, fum
Uachtar reoite, num, num, num
Úlla deasa, hip, hip, hop
Ach b’fhearr liom féin mo lollipop.

Séideán Sí

Amhrán

Éistigí
Mamaí, Daidí éistigí, ó mamaí, daidí éistigí,
Ní maith liom é! Uh uh uh! Ní maith liom é uh, uh, uh!
Ní maith liom an cáca seo.

An maith leat cáca?an maith leat cáca?
Éistigí, éistigí, ní maith liom é!

Mamaí, Daidí éistigí, ó mamaí, daidí éistigí,
Ní maith liom é! Uh uh uh! Ní maith liom é uh, uh, uh!
Ní maith liom an leite seo.

An maith leat leite?an maith leat leite?
Éistigí, éistigí, ní maith liom é!

Mamaí, Daidí éistigí, ó mamaí, daidí éistigí,
Ní maith liom é! Uh uh uh! Ní maith liom é uh, uh, uh!
Ní maith liom an bainne seo.

An maith leat aon rud?an maith leat aon rud?
Ní maith liom é! Uh, uh, uh ! Ní maith liom é! Uh, uh, uh!
Ní maith liom aon rud! Uh!

D’aon ghuth


Beidh sé Mór
Beidh sé mór, mór,
Beidh sé mór amárach.
Beidh sé mór, mór,
Is ar ndóigh mór is fearr é.

Ó, níor dhein sé rince,
Ó, ní dhein sé gáire,
Ó, níor dhein sé rince,
Ach déanfaidh sé rince amárach.

Canaimis Duit a Bhríd
Canaimis duit a Bhríd Naofa a bheireann an t-Earrach leat,
Crann is bláth ag fás arís, canaimis duit a Bhríd.

Leag sí a clóca ar an talamh, d’fhás is mhéadaigh sé,
Ar nós an ghrá a bhí ag bríd do Dhia is don saol.

!
Tabhair dom M
Tabhair dom É
Cuir le chéile iad
Déanann said MÉ

Is maith liom an M
Is maith loim an É
Gan an dá litir sin
Ní bheadh MÉ!

ANDAÍ FALSA
Andaí falsa,Andaí falsa
Ina luí, ina luí
Buail ar a lámh é
Buail ar a lámh é
Aon,dó,trí,ina shuí

Andaí falsa,Andaí falsa
Ina luí,ina luí
Buail ar a chos é
Buail ar a chos é
Aon, dó,trí,ina shuí

Andaí falsa, Andaí falsa
Ina luí,inaluí
Buail ar a ghualainn é
Buail ar a ghualainn é
Aon, dó,trí, ina shuí

Nuacht Litir na Naíonán 11-2-2011

An maith leat?

An maith leat pizza?
An maith leat ubh?
An maith leat burgar?
An maith leat subh?

An maith leat milseáin?
An maith leat prátaí?
An maith leat brioscáin?
An maith leat cácaí?

Tá na gardaí ag teacht


Is liomsa an fáinne sin
Cá bhfuair tú é
Ghoid mé go ciúin é
Nuair a bh í tú ar strae

Is liomsa an slabhra sin
Cá bhfuair tú é
Ghoid mé go ciúin é
Nuair a bh í tú ar strae

Curfá:
A ghadaí, a ghadaí,
Ná téigh i bhfolach.
Cuir suas do lámha:
Tá na gardaí ag teacht (faoi dhó)

Is liomsa an t-uaireadóir
Cá bhfuair tú é
Ghoid mé go ciúin é
Nuair a bh í tú ar strae

Is liomsa an bráisléad sin.
Cá bhfuair tú é
Ghoid mé go ciúin é
Nuair a bh í tú ar strae

Curfá:

(Véarsa brónach)
A gharda, a gharda,
Scaoil saor mé go luathTá brón orm, a gharda;
Is fuath liom an príosún

le Dominic Ó Braonáin






BackPlayNext
BackPlayNext

Rann na hAibítre – Séideán Sí

asal
bábog
coinín ag ithe pancóg
doras
eitleán
fuinneog sa cahisleán
gúna
hata
ispíní ar an mata
lacha
mála
nóinín faoi mo shála
oráiste
páiste
rothar sa gharáiste
súil
tolg
ubh Chásca I mo bholg.




Liathróidí Sneachta – Beo go Deo

Ú! Ú! Ú! UÚ! Tá mé fuar,
Calóga sneachta ag titim on spéir anuas,
Ú! Ú! Ú! UÚ! Tá mé fuar,
Calóga sneachta ag titim on spéir.


Mo Hata, Mo Scairf Is Mo Láimhainní – Beo go Deo
Rachaidh mé amach faoin aer,
Sneachta a’ titim anuas ón spéir,
Cóta dearg hata buí,
Sneachta bán ar mo láimhainní.
Buail, buail, buail do bhosa,
Gread, gread, gread do chosa,
Ní bheidh tú fuar a haon, dó, trí,
Do hata scairf is lámhainní


Suas agus sios – Séideán Sí
Suas, síos, suas arís.
Mise agus tusa agus mise arís,
Suas, síos, suas arís,
Mise agus tusa agus mise arís.

Anuas, aníos
Suas, síos.
Coinnigh do ghreim,
Nó titfidh tú síos!

Paidir na hOíche – Beo go Deo
A Dhia, A Athair, molaim thú
As ucht do chineáltais liom inniu.
As ucht mo chairde molaim thú,
Agus as an teaghlaigh a thug tú dom.
I ndorchadas na hoíche, cosain mé
Solas na maidine go bhfeice mé. Áimean

An luascán – Séideán Sí
Suas is anuas ar an luascán,
Ag luascadh liom anon is anal.
Fal la la la la la la,
Fal la la la la la la.

Léimigí, casaigí, piocaigí na torthaí – Mo Cheol Thú
Léimigí, casaigí, piocaigí na torthaí,
Léimigí, casaigí, piocaigí níos mó,
Léimigí, casaigí, piocaigí na torthaí,
Léimigí, casaigí, piocaigí go leor.

Ó, a Thiarna, piocaigí na torthaí,
Ó, a Thiarna, piocaigí níos mó,
Ó, a Thiarna, piocaigí na torthaí,
Ó, a Thiarna, piocaigí go leor.

Léimigí, casaigí, piocaigí na glasraí,
Léimigí, casaigí, piocaigí níos mó,
Léimigí, casaigí, piocaigí na glasraí,
Léimigí, casaigí, piocaigí go leor.





Mí na Nollag 2010

Tá an Geimhreadh ann!

1. Tá lámhainní ar mo lámha,
Tá caipín ar mo cheann,
Tá buaitisí ar mo chosa,
Ó, tá an geimhreadh ann!

2. Ceard atá ar do lámha?
Céard atá ar do cheann?
Céard atá ar do chosa?
Ó, tá an geimhreadh ann!

3. Tá lámhainní ar mo lámha,
Tá caipín ar mo cheann,
Tá buaitisí ar mo chosa,
Ó, tá an geimhreadh ann!


BackPlayNext
BackPlayNext

Sú Oráistí

1. Nigh an t-oráiste.
Gearr an t- oráiste.
3. Fáisc an t-oráiste.
Fáisc an leath eile.
Doirt isteach sa ghloine é!
Ól é, caith siar é!

Rinneamar sú oráisí ar scoil, thaitin an sú go mór linn!
Bain triail as sa bhaile!



Seáinín Bocht
Tá pian i mo lámha, a mhúinteoir, a mhúinteoir.
Tá pian i mo lámha;
Ní féidir liom scríobh

Ní féidir leat scríobh, a Sheáinín, a Sheáinín?
Ní féidir leat scríobh?...
An féidir leat léamh?

Tá pian i mo shúile, a mhúinteoir, a mhúinteoir.
Tá pian i mo shúile;
Ní féidir liom léamh.

Ní féidir leat léamh? a Sheáinín, a Sheáinín?
Ní féidir leat léamh?...
An féidir leat éisteacht?

Tá pian i mo chluasa, a mhúinteoir, a mhúinteoir.
Tá pian i mo chluasa;
Ní féidir liom éisteacht.

Ní féidir leat éisteacht, a Sheáinín, a Sheáinín?
Ní féidir leat éisteacht?...
An féidir leat ithe?

Is féidir liom ithe, a mhúinteoir, a mhúinteoir.
Ba bhreá liom seacláid, milseáin, líomanáid.
Ba bhreá liom seacláid, milseáin, líomanáid.

Le Dominic Ó Braonáin


BackPlayNext
BackPlayNext



Oíche Shamhna

Is aoibhinn linn a bheith ….

Ag ithe,
Ag spraoi,
Ag súgradh,
Ag péinteáil,
Ag léamh,
Ag éisteacht,
Ag féachaint,
Ag tógáil,
Ag déanamh agus

Ag obair ar scoil!

BackPlayNext
BackPlayNext

Paidir na Maidine
A Dhia, tá grá agat dom.
Bíonn tú liom de lá is d’oíche,
Ba mhaith liom grá a thabhairt duit
Gach nóiméad den lá
Ba mhaith liom tú a shásamh
A Athair, cabhraigh liom. Áiméan

Críost liom
Críost liom
Críost romham
Críost i mo dhiaidh
Críost ionam
Críost ar mo lámh dheas
Críost ar mo lámh chlé
Críost i mo chuideachta is cuma cá dtéim
Críost mar chara agam anois is go buan.
Áiméan


Altú roimh Bhia
Beannacht ó Dhia orainne atá ag suí chun boird le chéile,
Beannacht ar an mbia a ithimid inniu,
Beannacht ar na lámha a d’ullmhaigh dúinn é,
Beannacht ó Dhia dílis orainn féin.


Paidir – Altú tar éis Bia
Go raibh maith agat, a Dhia,
Mar is tú a thug bia dúinn.
Go raibh maith agat, a Dhia,
Mar is tú a thug cairde dúinn,
Go raibh maith agat, a Dhia,
Mar is tú a thug gach rud duinn,
Go raibh miath agat, a Dhia. Áiméan

Glóir don Athair

Glóir don Athair, agus don Mhac,
Agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ó thus, Mar atá anois,

Mar a bhéas go brách, le saol na saol. Áiméan



Ag obair le Rang 5

BackPlayNext

© Copyright B Devlin | gscoilchilldara@eircom.net

Back to content | Back to main menu